H794 Ò'Cuinn -v- An Taoiseach [2015] IEHC 794 (11 November 2015)


BAILII is celebrating 24 years of free online access to the law! Would you consider making a contribution?

No donation is too small. If every visitor before 31 December gives just £1, it will have a significant impact on BAILII's ability to continue providing free access to the law.
Thank you very much for your support!



BAILII [Home] [Databases] [World Law] [Multidatabase Search] [Help] [Feedback]

High Court of Ireland Decisions


You are here: BAILII >> Databases >> High Court of Ireland Decisions >> Ò'Cuinn -v- An Taoiseach [2015] IEHC 794 (11 November 2015)
URL: http://www.bailii.org/ie/cases/IEHC/2015/H794.html
Cite as: [2015] IEHC 794

[New search] [Help]



Judgment
Title:
Ò'Cuinn -v- An Taoiseach
Neutral Citation:
[2015] IEHC 794
High Court Record Number:
2014 Uimhear 754 JR
Date of Delivery:
11/11/2015
Court:
High Court
Judgment by:
O'Hanlon J.
Status:
Approved

Neutral Citation: [2015] IEHC 794

AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

[2014 Uimhear 754 JR]




IDIR


DONNCHADH Ó CUINN
IARRATASÓIR
agus

AN TAOISEACH, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT AGUS COMHIONANNAIS, AN tAIRE IOMPAIR, TUARASÓIREACHTA AGUS SPÓIRT, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE, AGUS AN STIÚRTHÓIR INCHÚISEAMH POIBLÍ

FREAGRÓIRÍ

BREITHIÚNAS an Bhreithimh O’Hanlon tugtha ar an 11ú lá de Nollaig 2015

1. Tagann an cás seo os comhair na Cúirte mar athbhreithniú bhreithiúnach. Tá faoiseamh á lorg san iarratais seo de dheasca cáipéisí oifigiúla áiríthe gan a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Cúlra na hIarrataise
2. Tá an t-Iarratasóir istigh cúisithe maidir le tiomáint faoi thionchar an óil. Tá sé curtha ina leith go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil ar an 29ú lá de Mhárta 2014 ar Phríomhshráid, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Deireann sé go bhfuil sé neamhchiontach sa chion seo.

3. Is é sagart paróiste An Fhál Charrach, Co. Dhún na nGall an t-Iarratasóir. Is cainteoir ó dhúchais Gaeilge é an t-Iarratasóir ar mhian leis an gnó oifigiúil seo a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is mian leis an t-ionchúiseamh i gCúirt Dhúiche Leitir Ceanainn a chosaint trí mheán na Gaeilge, a theanga dhúchais, an teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil an Stáit.

4. Ar an 29ú lá de Mhárta 2014 cuireadh foirm an gaireas anála (Evidenzer) ar fáil as Béarla amháin. Ní raibh an t-Ionstraim Reachtúil Uimhear 541/2011 a léiríonn an fhoirm forordaithe ar fáil as Gaeilge ag an am. Anuas ar sin, ní raibh rialacha reatha na Cúirte Dúiche ar fáil as Gaeilge ach an oiread.

5. Rinne abhcóid an Iarratasóra foriarratas ex parte don Árd Chúirt cead iarratas athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Ar an 17ú Nollaig 2014, thug an Breitheamh Mac Eochaidh cead don Iarratasóir na faoisimh a lorg mar athbhreithniú breithiúnach. Chomh maith le sin, chuir sé toirmeasc ar an séú freagróir gan aon chéim eile a thógáil in éadan an Iarratasóra i gcás uimhir 2014/79136 go dtí go n-éistear agus go dtugtar an bhreithiúnas deiridh san iarratas ar athbhreithniú breithiúnach.

6. Tá an cás uimhir 2014/79136 ar athló sa Chúirt Dúiche i Leitir Ceanainn go dtí an 19ú Eanair 2016.

An Dlí
7. Baineann Cuid 2 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010 le tiomáint le linn a bheith ar meisce. Díríonn Cabidil 4 isteach ar an nós imeachta i ndáil le sampla a chur ar fáil don Gharda Síochána. Eiríonn an cás seo as Alt 13:-

      “13. – (1) Más rud é, de dhroim ceanglas faoi alt 12 (1)(a) a chur air nó uirthi, go ndéanann duine 2 shampla dá chuid anála nó dá cuid anála a chur ar fáil agus go gcinntear leis an ngaireas dá dtagraítear san alt sin an cion alcóil i ngach sampla acu –

      (a) i gcás ina gcinntear leis an ngaireas go bhfuil an cion céanna alcóil i ngach sampla dóibh, déanfar ceachtar sampla, agus

      (b) i gcás ina gcinntear leis an ngaireas go bhfuil cion éagsúil alcóil i ngach sampla díobh, déanfar an sampla ina bhfuil an cion alcóil is ísle,

      a chur i gcuntas chun críocha ailt 4(4) agus 5(4) agus déanfar neamhshuim den sampla eile.

      (2) I gcás ina gcinntear leis an ngaireas dá dtagraítear in alt 12(1), maidir leis an sampla anála atá le cur i gcuntas mar a dúradh, go mbéadfadh sé gur sháraigh an duine alt 4(4) nó alt 5(4), tabharfaidh comhalta den Gharda Síochána 2 ráiteas chomhionanna dó nó di láithreach, ar ráitis iad arna dtáirgeadh go huathoibríoch leis an ngaireas sin san fhoirm fhorordaithe agus iad comhlánaithe go cuí ag an gcomhalta ar an modh forordaithe agus ina luafar an cion alcóil sa sampla sin arna chinneadh leis an ngaireas sin.

      (3) Ar an ráitis sin a fháil, déanfaidh an duine, ar iarraidh ón gcomhalta air nó uirthi déanamh amhlaidh –

      (a) a admháil láithreach go bhfuair sé nó sí iad trína shíniú nó trína síniú a chur le gach ráiteas díobh, agus

      (b) ceachtar de na ráitis a thabhairt ar ais air sin don chomhalta.

      (4) Aon duine a dhiúltaíonn nó a mhainníonn fo-alt (3) a chomhlíonadh, déanann sé nó sí cion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fínéail nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

      (5) Tá feidhm ag alt 20(1) maidir le ráiteas faoin alt seo ar ráiteas é ar mainníodh fo-alt (3)(a) achomhlíonadh ina leith mar atá feidhm aige maidir le ráiteas arna chomhlánú go cuí faoin alt seo.”

8. An chuid ábharthach den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010 (Alt 13) (An Fhoirm Forordaithe agus an Modh Forordaithe maidir le Ráitis) (Ionstraim Reachtúil Uimhear 541 de 2011) ná mar a leanas:-
      “3. The form set out in the Schedule is prescribed as the form of the statements to be automatically produced for the purposes of the section 13(2) of the Act of 2010 by an apparatus referred to in section 12(1)(a) of that Act.

      4. For the purposes of completing the statements referred to in section 13(2) of the Act of 2010 in the prescribed manner the member of the Garda Síochána supplying the statements shall –

      (a) before the person provides a specimen of his or her breath in accordance with section 12(1)(a) of the Act of 2010, input into the apparatus referred to in that section –

      (i) the name, address, date of birth and gender of the person providing the specimens,

      (ii) the provision that it is alleged the person has contravened, namely, section 4(4) or 5(4) of the Act of 2010, and

      (iii) his or her name and number,

      and

      (b) following the automatic production of the statements referred to in section 13(2) of the Act of 2010, sign the statements.”

9. Ina dhiaidh an mhéid sin, ar lth. 3 agus 4 den Ionstraim Reachtúil tá “SCHEDULE” a léiríonn an foirm forordaithe as Béarla le spás le haghaidh síniú an gharda agus an duine a chuir na samplaí ar fáíl. Díreach tar éis sin, ar lth. 5 agus 6 tá leagan Gaeilge den fhoirm forordaithe céanna ann.

Aighneachtaí an Iarratasóra
10. Tá an t-Iarratasóir ag lorg na faoisimh seo a leanas:

      “Na Rialacha Cúirte Dúiche

      1) Dearbhú gur sháraigh na freagróirí dara-, ceathrú-, agus cúigiú-ainmnithe a ndualgas bunreachtúil tiontú oifigiúil sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheamga oifigiúil ar na rialacha cúirte dúiche atá sa sceideal leis an ráiteas foras seo a chur ar fáil a luaithe agus ab fhéidir tar éis dóibh a bheith foilsithe i mBéarla.

      2) Toirmeasc ar an séú freagróir aon chéim eile a thógáil in éadan an iarratasóra san ionchúiseamh i gcás uimhear 2014/79136 go dtí go mbíonn tionntú oifigiúil sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil ar na rialacha cúirte dúiche atá sa sceideal leis an ráiteas foras seo agus gach ceann acu ar fáil don iarratasóir.

      I.R. Uimh. 541/2011

      3) Dearbhú go bhfui dualgas bunreachtúil ar na freagróirí tríú-, ceathrú- agus cúigiú-ainmnithe tiontú oifigiúil sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil ar I.R. Uimh. 541/2011 (foirm forordaithe an ráitis faoin alt 13) a chur ar fáil don iarratasóir anseo go riara sé a thaobh féin de imeachtaí sa Chúirt Dúiche sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil gan bhac gan mhí-bhuntáiste i gcomparáid leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid i gcónaí.

      4) Toirmeasc ar an séú fhreagróir aon chéim eile a thógáil in éadan an iarratasóra san ionchúiseamh i gcás uimhir 2014/79136 go dtí go mbíonn tiontú oifigiúil sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil ar I.R. Uimh. 541/2011 ar fáíl don iarratasóir.

      I.R. Uimh. 141/2011

      5) Dearbhú go bhfui dualgas bunreachtúil ar na freagróirí tríú-, ceathrú- agus cúigiú-ainmnithe tiontú oifigiúil sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil ar I.R. Uimh. 141/2011 – a ndearna an tríú freagróir I.R.Uimh. 541/2011 - a chur ar fáil don iarratasóir anseo go riara sé a thaobh féin de imeachtaí sa Chúirt Dúiche sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil gan bhac gan mhí-bhuntáiste i gcomparáid leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid i gcónaí.

      6) Toirmeasc ar an séú fhreagróir aon chéim eile a thógáil in éadan an iarratasóra san ionchúiseamh i gcás uimhir 2014/79136 go dtí go mbíonn tiontú oifigiúil sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil ar I.R. Uimh. 141/2011 ar fáíl don iarratasóir.

      An Ráitéas líomhnaithe de bhun alt 13 den Acht um Thrácht as Bhóithre 2010

      7) Dearbhú nach ráitéas san fhorim fhorordaithe de réir ná de bhun I.R. Uimh. 541/2011 ná alt 13 den Acht um Thrácht as Bhóithre 2010 atá sa ráiteas a bhfuiltear ag braith air san ionchúiseamh seo sa mhéíd is nach bhfreagraíonn sé do sceideal na hionstraime sin, go sonrach sa mhéíd is go bhfuil sé i mBéarla amháin.

      8) Toirmeasc ar an séú freagróir aon chéim eile a thógál in éadan an iarratasóra san ionchúiseamh de bun an ráitis thuasluaite.”

11. Is é aighneacht abhcóide an t-Iarratasóra, an t-Uasal Séamas Ó Tuathail A.S., ná nach raibh an ráiteas san fhoirm fhorordaithe dhátheangach Gaeilge agus Béarla atá leagtha amach san ionstraim reachtúil a cheap é, I.R. Uimh. 541/2011 sa mhéid is go raibh sé as Béarla amháin. Chomh maith le sin, is cainteoir dúchais Gaeilge é an t-Iarratasóir ar mhaith leis a chás a thógáil trí Ghaeilge. De réir abhcóide an iarratasóir, bhí ceart dúbailte ag an t-Iarratasóir leagan Ghaeilge den fhoirm ón ngaireas anála a fháil (an ceart bunreachtúil Ghaeilge a úsáid nuair atá saoránach ag déiléail leis an Stáit agus an ceart reachtach a thagann as I.R. Uimh. 541/2011) agus gur sárú dúbailte ab ea é nuair a cuireadh amach i mBéarla amháin í.

12. Deirtear ar son an Iarratasóra gur féidir cinneadh an Bhreithimh Noonan sa chás An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí v Mihai Avadenei [2015] IEHC 580 a leanúint de réir go bhfuil na fíricí an-chosúil lena chéile. De réir an Bhreitheamh Noonan níor chomhlíonadh an fhoirm fororfdaithe na riachtanais d’Alt 13(2) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010 mar gheall ar an teip leath den fhoirm a chur ar fáil. Aighnítear nach féidir leis an séú freagróir úsáid a bhaint as an fianaise.

13. Ó thaobh a chosaint a ullmhú, ní raibh leagan Gaeilge d’ionstraimí reachtúla a theastaigh ón Iarratasóir ar fáil ag an am a thosaigh sé na himeachtaí seo. Is é aighneacht abhcóide an t-Iarratasóir ná go bhfuil baol ann nach bhfaigheadh an t-Iarratasóir cothrom na Féinne agus an deis chéanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid i gcónaí.

14. Bhí moill mhór ann aistriúcháin Ghaeilge de na hionstraimí reachtúla a bhaineann le rialacha na Cúirte Dúiche a chur ar fáil. Mar shampla, cuireadh leagan Gaeilge den I.R. Uimh. 94/2010 ar fáil ar an 12 Feabhra 2015, sin moill cúig bhliana agus is é aighneacht abhcóide an t-Iarratasóra ná go dtuileann sé sin dearbhú agus costais mar shárú ar an dlí mar a leagadh síos é i mbreithiúnas na Cúirte Uachtaraí. In Ó Beaoláin v Fahy [2001] 2 IR 279 dheonaigh an Chúirt Uachtarach dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ar an Aire Dlí agus Cirt agus ar an Stát tiontú oifigiúil Gaeilge ar Rialacha na Cúirte Dúiche a chur ar fáil don phobal chun go bhféadfadh an t-Iarratasóir a thaobh féin de na himeachtaí a riaradh go hiomlán as Gaeilge gan chonstaic gan míbhuntáiste. Ina dhiaidh sin, i bPól Ó Murchú v An Taoiseach & Eile [2010] 4 I.R. 484, shocraigh an Chúirt Uachtarach go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an Aire Dlí agus Cirt agus ar an Stát na rialacha cúirte a chur ar fáil i nGaeilge chomh luaithe agus is féidir tar éis dóibh a bheith foilsithe i mBéarla. Mar a dúirt an Breitheamh Macken thar ceann na Cúirte i gcás Pól Ó Murchú:-

      “Dhéanfainn dearbhú go bhfuil dealgas bunreachtúil ann Rialacha na Cúirte, ar a n-áirítear gach leasú, forim agus innéacs a ghabhann leo, a chur ar fáil i nGaeilge ... a luaithe agus is féidir tar éis dóibh a bheith foilsithe i mBéarla.”
15. Aighnítear ar son an t-Iarratasóir nach mbeadh na hionstraim reachtúla ar fáil trí Ghaeilge anois munar thosaigh an t-iarratais seo. De réir na hIarratasóir tá sárú leanúnach i gceist agus thuileann sé dearbhú nach bhfuil i gcumhachtaí an Cúirt Dúiche a thabhairt. Is é aighneacht abhcóide na hIarratasóir ná nach bhfuil cothromaíocht ann anois idir saoránach ab mian leo an Ghaeilge a úsáid agus saoránach a bhfuil sásta Béarla a úsáid. Tá bac ann mar go gcaithfidh siad riachtannais don aistriúcháin a chruthú. Mhaígh an t-Iarratasóir go bhfuil meon “a la carte” ag na dlí-eolaíochtaí sa Roinn Dlí agus Cirt maidir leis an aistriúchán go Ghaeilge.

Aighneachtaí na bhFreagróirí
16. Aighnítear ar son na bhFreagróirí gurb í ról na Cúirte Dúiche cinneadh a dhéanamh sa chás píonósacha uimhear 2014/79136 agus go gcaithfear meas a bheith ann ar neamhspláchas na Cúirte Dúiche. Mar gheall ar sin, de réir na bhfreagróirí, ní féidir leis an Chúirt seo toirmeasc a thabhairt.

17. Go hiondúil, ní féidir lena cúirteanna cosc a chur le hionchúiseamh atá tosaithe ag na húdaráis chuí ach go fíoreisceachtúil. Ní chuirfear cosc le hionchúiseamh ach amháin nuair is féidir leis an té atá cúisithe a chruthú go bhfuil fíorbhaol ann nach féidir leis nó léi triail chothrom de réir an Bhunreachta agus de réir dlí a fháil. Mar a dúirt an Chúirt Uachtarach sa chás D.C. v DPP [2005] 4 IR 281:-

      “The test for this court is whether there is a real risk that by reason of the particular circumstances the applicant could not obtain a fair trial.”
De réir abhcóide na bhFreagróirí, an t-Uasal Colm Ó hOisín A.S., níl aon bhunús ag an gCúirt seo cinneadh a dhéanamh ag an bpointe seo go bhfuil contúirt ann nach bhfaighidh an t-Iarratasóir triail chothrom. Tá sé faoi réim Breitheamh sa Chúirt Dúiche, mar is gnáth, féachaint chuige go bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag an Iarratasóir.

18. Is é aighneacht abhcóide na bhFreagróirí go bhfuil sé tábhachtach nach raibh an Chúirt Uachtarach sásta toirmeasc a dheonú i gcásanna eile den chinéal seo ina raibh na hiarratasóirí ag gearán nach raibh tiontuithe oifigiúla i nGaeilge curtha ar fáil. Sa chás, Ó Beoláin v Fahy [2001] 2 IR 279, mar shampla, bhí an Chúirt Uachtarach sásta leigheas dearbhú a dheonú maidir leis an gceart a bhí ag an Iarratasóir go mbeadh tiontú i nGaeilge ar reachtanna an Oireachtais agus ar rialacha cúirte ar fáil dó, ach dhiúltaigh an Chúirt leigheas toirmisc a dheonú. De réir abhcóide na bhFreagróirí, ba cheart don Chúirt seo an leigheas toirmisc a dhiúltú chomh maith. Tá sé de cheart ag an bpobal triail a bheith ann de bharr an ionchúisimh áiríthe seo, cosúil le gach ceann eile. Tig le duine gearán a bheith aige faoi Airteagal 8 den Bhunreacht, a bhaineann le stádas na Gaeilge, ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil gearán aige faoi Airteagal 38, a bhaineann le triail i gcionta.

19. Tá abhcóide na bhFreagróirí ag iarraidh an cás, DPP v Mihai Avadenei [2015] IEHC 580, a imdhealú. Deireann siad go bhfuil difríocht mór ann idir an chás seo agus an chás DPP v Avadenei mar gheall gur athbhreithniú breithiúnach atá anseo agus gur cás sonraithe a bhí i gceist i DPP v Avadenei. Nuair atá athbhreithniú breithiúnach i gceist ba cheart na phrionsabal dlí a scrúdú in ionad athscrúdú ar tuilteannais an chás. Dá bhrí sin, tá sé suas don Chúirt Dúiche cinneadh a dhéanamh sa chás seo agus ní gá don Chúirt seo DPP v Avadenei a leanúint. Dúradh ar son na bhFreagróirí, chomh maith, go bhfuil an breithiúnas Noonan, Brmh. sa chás Avadenei faoi achomharc chuig an gCúirt Achomhairc.

20. Glacann abhcóide na bhFreagróirí leis go raibh deacrachtaí ag an t-iarratasóir ó thaobh ullmhúcháin a chás mar gheall ar an easpa cáipéisí i nGaeilge ach, de réir na bhFeagróirí, tá na cáipéisí acu i nGaeilge anois. Aighnítear ar son na bhFreagróirí nach bhfuil bac ann don Iarratasóir triail chothrom a fháil mar gheall go bhfuil tiontú Gaeilge do na chuid ábharthach do na hionstaimí reachtúla ar fáil anois sular thosaigh an triail.

21. De réir abhcóide na bhFreagróirí, níl agus ní raibh aon chúis ghearáin ag an Iarratasóir maidir le hionstraimí reachtúla atá ábhartha dá chás féin a bheith ar fáil, go h-áiríthe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais lánsásta chuile iarracht a dhéanamh chun cabhrú leis trí sleachta cuí i nGaeilge a chur ar fáil dó as Ionstraimí Reachtúla áiríthe, fiú muna bhfuil siad aistrithe ina n-iomláine go fóill. Dá bhrí sin, deireann abhcóide na bhFreagróirí nach cóir don Chúirt seo aon leagheas dearbhaíocht a thabhairt don Iarratasóir.

Conclúid
22. Tá an cás cruthaithe ag an Iarratasóir i dtaobh na faoisimh a d’iarradh ag Uimh. 1 agus Uimh. 7 den fhógra foriarratais. De réir mar a chuaigh an chás ar aghaidh, léirigh an t-Uasal Ó Tuathail nach raibh an Iarratasóir ag iarraidh na faoisimh eile. Ní chuireann na faoisimh ag Uimh. 1 agus Uimh. 7 isteach ar an chás dul ar aghaidh sa Chúirt Dúiche i Leitir Ceanainn mí Eanair seo chugainn. Ní chuireann an bhreithiúnas seo isteach ar obair na Cúirte Dúiche in aon chor. Dheonóinn an dá dearbhú atá leagtha amach ag an Iarratasóir ag Uimh. 1 agus Uimh. 7.












BAILII: Copyright Policy | Disclaimers | Privacy Policy | Feedback | Donate to BAILII
URL: http://www.bailii.org/ie/cases/IEHC/2015/H794.html